Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Múinteoir:
Martias Ó Luasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Bia na Seanmhuintire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do mhair na sean daoine ar bíadh símplídh sé sin tortha an tailimh. Is minic a itheadar prátaí is bainne trí húaire sa ló agus na prátaí a loibh sa pholl leis an sioc do dheineadar sághas ciste dhíobh ar a dtugadar stampí ar agus ditheidís le hím é. Bíodh cruinneacht ag gach feirmeóir. Do thógaidís an cuid is fearr de go dtí millan cun plúir a dhéanamh de. An cuid ná raibh cómh mhaith do bheirídís agus d'iteidís le bainne é. Grainseacán a tugadís air. Min-coirce amh i mbainne reamhar agus praiseah deanta de Mhin-coirce a bhíodh aca i gcóír an dinnéir núair a bhiodh prátaí gann. Do bhíodh gábhair ag a lán díobh agus bé an nó corcán dá mbainne a beiruíghadh agus bhrisead a cuir air, cun báisín grutha a thábhairt do gach duine den lín tíghe. Do dheinidís an rud ceadna le bainne na mbó. Is minic ná raibh aon tsághas bíd sa tig aca ac gruth agus meadhg dhá bhainne. Ditheidís alán abáíste beirighthe agus min-coirce nú úactar curtha tríd. Ditheidís a lán éisc an culmóir guirt ba gnáthach leó bheith aca. Ní bhíodh púinn feola in úsáid ach ditheidís muinntir na gcnoc alán mionán agus giorruighthe. Aimsir an gorta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Duinneacha
    Inscne
    Fireann