School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 121
  3. XML “An Beirt Amadán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí triúr feirmeóirí ann fadó agus bhí féar trí cinn de bhuaibh aca, ag gach duine aca fé leith, ach bhí duine aca bocht agus ní raibh ach aon bó amháin aige agus bhíodh an beirt eile ag cur isteach air igcómhnuidhe.
    Aon oidhche amháin do chuaidh sé a chodladh agus do mharbhuighdear an bhó, nuair a éirig sé ar maidin níor dhéin sé aon iongnadh de ach bhain sé an seithe dhe agus thug sé sé leis é go dtí an mhargadh. An fhaid a bhí sé ag dul ann do tháinig snag ináirde ar an seithe agus thosnuig sé á phiochadh, agus chuir an fear isteach na phóca é, agus chomáin sé leis go dtí an margadh agus dhíol sé an seithe ar a lán airgid.
    Ansan chuaidh sé isteach i dtig tabhairne agus d'iarr sé an ndeoch agus dubhairt bean an tabhairne leis an go raibh 10d ar an ndeoch, agus dúbhairt sé léi go dtugann sí do dhaoine eile é ar 5d, agus dúbhairt sí ná tugann, agus d'fhiafhruig sí de cé d'innis do é agus dúbhairt sé go raibh éan 'na phóca aige agus go neosfadh sé gach rud do.
    "An ndíolfá é?" ar sise "Ní dhéanfad ar seisean "Má thabharfadh céad púnt" ar sise, "Tá céad púnt le tabhairt air" ar sise. "Tá go maith" arsan fear agus d'imthigh sé leis féin abhaile agus a chéad púnt aige, agus bhí sé á cómhaireamh agus chonnaic an bheirt eile é, agus chuadar isteach agus d'fhiafhruigheadar do cá bhfuair sé an t- airgead, agus dúbhairt sé gur mhairbh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish
    Informant
    Gobnait Bean Uí Loinghsigh
    Gender
    Female