School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 114

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 114

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 114
  3. XML “An Scoláire Bocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sgoláire bocht ann uair agus tháinig sé isteach i dtig feirmeóra lá, agus d’fhiafhruigh sé do fhear an tíghe a dtabharfadh sé lóisdín na h-oidhche dhó agus dúbhairt sé dtabharfadh, mar go raibh a bhean i dtrioblóid i leinbh, do ghaibh sé a bhuidheacas leis agus do shuidh sé in aice na teine.
    Do rug sé ar a mhála go mbíodh a leabhair istig ann agus bhí sé ag cuardach go dtí go bhfhuair sé a leabhar mór. D’fhiafhruigh sé d’fhear an tíghe ar b’í an Ceadaoin a bhí aca, agus dúbhairt fear an tíghe gur’b’í. Bhí sé ag léigheadh leis agus d’fhiafhruigh fear an tíghe dhe cad-na-thaobh gur fhiafhruigh sé é sin.
    “An fada di breóidhte?” arsan sgoláire, “Ó tosach na h-oidhche” arsan fear ansan dúbhairt sé leis ríghneas do coimeád ar an leanbh, cómh fada is d’fhéadfaidís é go dtí aithint (breacadh) an lae pé sgéal é.
    Bhí an leanbh tar-éis teacht ar an saoghal agus an máthair ana bhreoidhte agus beirt dochtúr agus banaltra ann agus níor fhan fhocal ag an sgoláire bocht agus d’fhiafhruigh fear an tíghe dhe cad-na-thaobh go raibh sé cómh duairc san agus cad é an cúis go raibh sé ag cuir stop leis an leanbh teacht ar an saoghal go dtí Dardaoin.
    “Buel” ar seisean “crocfar ar leanbh sin fós” “cathain a crocfar é?” ar-san t-athair “Nuair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Thuama
    Gender
    Female