School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 102

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 102
  3. XML “An Ridire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis suidhe síos agus go neosfadh sé sgéal do mar gheall ar Eagla. Do shuidh Oscar síos mar bhí sé curtha agus thosnuigh an Ridire ar a sgéal féin d'innsint Dúbhairt sé leis go raibh sé istigh na thig féin, é féin agus a thrúir mhac. Tar-éis an dinnéir Lá Nodlag thainig giorfiadh ar aghaidh na fuinneóige amach agus bhí sé ana bhacach, do bhí sé ag imtheacht ar trí cosa.
    Dúbhairt an trúir mach leis go rithidís in diaidh na giorfhiadhthe agus do mbéarfaidís air. Chuadar amach, bhí na buachaillí ag teacht i gcómhgar do agus do bhí sé ag casadh anonn is anall ag gach aon cuma agus é ag imtheacht ar trí cosa, shíleadar go mbéaraidís air gach neómat, nuair a bhíodar imthighthe tamall ó'n dtig, isteach leis an giorfhiadh i bpoll fé'n dtalamh agus do rith an Ridire agus an trúir mac isteach sa dhiaidh, agus conacadar sean-duine luath láidir istig sa cúinne agus cuir sé fáilte rómpa agus dúbhairt sé leó suidhe síos agus do shuidheadar.
    I gcionn tamaill tháinigh triúr buachaillí óga isteach agus saghas éigin muice aca, agus dúbhradar leis an Rudarie cad a thug isteach anso iad, dúbhairt sé ná raibh fhios aige agus do tháinig ana eagla ortha rómpa.
    Dúbhairt na buachaillí ná raghidís amach uatha féin agus do chaitheadar ceann de's na saghas muca cúcha agus dúbhradar iad san a mharbhughadh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Ristéard Mac Suibhne
    Gender
    Male