School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 091

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 091

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 091
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fionn Mac Cumhall.
    Lá dá raibh Fionn amuich ag fiadhach agus a bhean istig na dhiaidh. Bhí sí amuich sa gháirdín ghá ghrianadh féin agus chonnaic sí fiadh ag déanamh fé na déin.
    Dhein sé isteach uirthe agus thug sé rop dá adhairch san leath cheann uirthe agus dhein sé fiadh óg di, do lean sí é annsan mar a dhéanfadh leanbh a mháthair do leanamhaint.
    Chuaidh an seana-fhiadh isteach tré tor aitinn agus síos, síos agus an fiadh óg na dhiaidh agus chuadar síos cómh fada san gur cheap sí gur go h-ifrionn a bhíodar ag dul. Ansan stopadar agus fuaradh a ndhóithin le n-ithe dhóibh pé áit 'na raibh sé ag teacht as.
    Nuair a tháinigh Fionn abhaile bhí ana bhrón air agus bhailigh sé a chuid fear agus chuadar láithreach 'á lorg, bhíodar 'á lorg ar feadh abhfhad, ar feadh leath-bhliana pé sgéal é.
    Bhí Fionn istig na sheomrá lá tímpeall seacht mbliadhna na dhiaidh san agus tháinig fonn éigin air dul 'á lorg airís. Bíodh is go raibh na fir ag cur na choinnibh, bhíodar 'á rádh ná raibh aon t-sheans go bhfhaighidís beó nó marbh anois í ach ní shásóchadh aon rud é go mb'éigin dóibh imtheacht leis.
    Cheap na fir gurab' amhlaidh a bhí sé tar-éis í fheisgint an oidhche roimis sin no rud éigin de'n t-shórd san, mar ní labharfadh sé leo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Language
    Irish
    Informant
    Ristéard Mac Suibhne
    Gender
    Male