Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 145
  3. XML “Scéal”
  4. XML “An Bheirt Ghéarcúiseach ag Tabhairt fé a Chéile”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Gleann Cárach 'na bhfásann an th-arbhar is biadh, na h-árd-cnoic áilne sa Deasmhúmain thiar, Trí áiteanna d'fhág Naomh Pádhraig le beannughadh ag Dia."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí file na Leasa Buidhe i dtigh tábhairne la i Maghcromhdha is bhí sé ag cainnt is ag cur de mar ba ghnáth. Bhuail chuige isteach Concubhar Mhicil ("an caillcóír) agus bhí seisean go deisbheálach leis. Chómh luath is leag a shúil ar Fhile na Leasa Buidhe mheas sé go gcuirfheadh sé speic air. Mar sin labhair sé is dúbhairt "Gach file is fáidh a' trácht ar a ealaí féin.
    Fhreagair an file é is dúbhairt
    "Mar mhaithe led' cheárd bí a trácht go mbeidh banaí daor"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Chómnuig fear ar an ngargaire darbh ainm Aodh Ua Tuama. Tugtaí "Aodh Gargaire" mar leas ainm air. Bhí tigh agus feirm tailimh aige. Pé sceal é thárla gur dhein sé socrú éigin ar an dtigh agus gur cuireadh an simné i ndiaidh a chúil agus deirtí aon tigh go dtárlochadh san annn go mbeadh púcaí le feisgint ann. Gan amhras nuair bhí an tigh i dtreó aige phós sé agus cailleadh a bhean, ach má (?) seadh Phós sé an tarna bhean - inghean do Shiobhán Ní Aragán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.