Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 065
- XML “Dearmad Eoghain Ruaidh”
- XML “Scéal Seán Bráthair Ó Conchúbhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Eoghan Ruadh is sagart ag teacht ó stásúin lá fuar, fliuch, agus béigin dóibh abha a chrosadh. Thárla go raibh tuille mór san abhainn agus ní fhéadfaidís é chrosadh. Fé dheireadh bhain Eoghan a bhróga is thóg sé an sagart leis ar a dhroim. Nuair bhíodar díreach istigh san abhainn fuair Eoghan barra-thuisle. "Seacain tú féin" arsan sagart go searbh. Thiomáin Eoghan leis arís is nuair bhíodar díreach i lár na h-abhann thug Eoghan fé ndearra go raibh beirt cailíní ag dul treasna san am céadhna agus bhí a gcuid gúnaí ag imtheacht leis an ngaoith. "Nach breágh na colpaí atá acu san" arsa Eoghan. "Tá an diabhal thiar ort" arsan sagart agus gan amhras b'é an sagart féin a bhí thiar ar dhrom Eoghan " Má thá" ar seisean "is gearr a bheidh" is le na linn sin chaith sé an sagart ó's gcionn a chinn isteach san abhainn.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Donnachadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cloonkeen, Co. Kerry