Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 059
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh sagart go dtí stathúin maidean fhuar earraig shneachtaig. Bhí gach aoinne a thaghadh isteach fuar agus sneachta ortha. Bhí teine bhreágh sa tigh agus bhí Eoghann Ruadh 'na shuídhe ar chathaoir ós a cómhair amach agus ní leigfheadh sé d'aoinne dul go dtí an dteine. Bhí an sagart ag eisteacht faoisdine agus tugadh sé srath-fhéachaint anonn ar Eóghan anois is arís Fé dheire labhair sé is dúbhairt, "Eirigh as san a bhacaig is leig dos na daoinibh fuara dul go dtí an dteine. D'eirig Eóghan annsan do shuig sé ar charn beag móna a bhí thiar ag bun an tíghe. Chuaidh an sagart ag léigh Aifrinn ach má dhein níor tháinig Eoghan ar a ghluainibh in aon chor. "Cad na thaobh ná tagann tú ar do ghluinibh a bhacaig arsan sagart leis. D'eirig Eóghan le linn na bhfocal san a cloisint 'na choilig sheasamh is dúbhairt go feargach.
"Ní hé an t-ainghise ba mheasa liom bheith síos go deó,
Ach an tancuisne[?] a leanann í thar [?],
Má tá an t-athair mór na h-eaglaise níl brígh 'nár gnó,
Is ní fearra dhúinn an t-Aifreann ná suidhe ar an mhóin.- Faisnéiseoir
- Seán Ua Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Cork