School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 218
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann uair amháin go raibh cnopóg 'na goithire crothanta uaidh.
    Oidhche agus é a'teacht ó bheith ag imirt cártaí bhí air gabháil that lios. Ag teacht tríd dhó d'airigh sé an glór go léir mar a bheadh amhrán. Bhí an glór a'dul i soiléreacht ga' h-aon choiscéim do chun gur tháinig sé ós a gcionn anáirde. D'fhan sé ag éisteacht leis agus is é a bhí á rádh acha ná "Dé Luain, Dé Máirt; Dé Luain, De Máirt; Dé Luain, Dé Máirt." Do labhair sé féin amuigh "Dé Luain, Dé Máirt is Dé Céadaoin leis."
    Ba ghearr gur labhair duine ó'n dtaobh istig "Cé shochruig an t-amhrán?" ar seisean. "Mise" arsan fear amuigh.
    Thánadar amach agus d'fheachadar air. Bhíodar lán buidheach de agus d'fhiafruigheadar an fada go raibh an cnopóg san ar a dhrom. "Tá sé riamh oram" ar seisean. "Ní bheidh sé a thuile ort, má's eadh arsa duine de mhuintear a'leasa. Tháinigh sé abhaile agus é chómh díreach le h-aon fhear riamh.
    D'airigh muintear a'bhaile go léir mar gheall air agus bhí fear eile sa bhaile go raibh a' t-umárd chéadna air agus dubhairt sé go raghadh sé féin dhéin a'leasa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dunowen, Co. Cork