School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 166

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 166

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 166
  3. XML “An Fáth go Raibh na Ba gan Bhainne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I mbaile Fhearainn do chómhnuigh feirmeóir tímcheall céad blian ó shoin. Do bhí go leór stuic is bó bhleachta aige. Maidin áirithe thug sé fé ndeara na raibh a'chuid bainne ag na buaibh is ba cheart a bheith. Níor ghéill sé dhó an chéad mhaidin ach do thárla a'rud céadna ga'h-aon mhainin ar feadh seachtmhaine. I ndeire thiar thall dubhairt sé leis féin go mbeadh fhios aige an oidhche seo cé bhí a'crú na mbó.
    Ghléas sé é féin suas i gcóir na h-oidhche agus do rug sé maide droighin leis agus chuaidh sé thaobh thiar de chlaidhe na páirce go raibh na ba. "Ní thiocfaidh aoinne 'nbhúr ngoire anocht: ar seisean leis féin "i gan fhios dómhsa." Bhí an oidhche fuar scuabach garbh. D'fan sé ann ar feadh dhá uaire a chluig agus ní raibh aoinne a'teacht. "Tá fuar agam bheith a'fanamhaint" ar seisean agus bhí sé díreach ceapaithe ar dul abhaile 'nuair a chonnaic sé an rud mar a bheadh liathróid bán a'teacht isteach sa pháirc agus a'dul fé dhéin na mbó. D'fhan sé mar a raibh sé ar feadh tamaill chun go bhfeacha sé a'rud bán a'dul i n-achrann i n-úth ba .
    B'eo sa t-siubhal annsan é agus a mhaide ullamh aige chun tarrach air. 'Nuair a chonnaic a'rud é chur sí di chómh tuigh is do bh'féidir léi é ach ní ao' coisídheacht mór aice agus do bhí fear na mbó uirthe d'urchar. Do chrom sé ar tarrach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Finn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dunowen, Co. Cork