School: Clanna Caoilte (B.) (roll number 12286)

Location:
Clonakilty, Co. Cork
Teacher:
Ss. Ó Síthe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0311, Page 170

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0311, Page 170

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clanna Caoilte (B.)
  2. XML Page 170
  3. XML “Sprid an Droichid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí droichead i n-aice na Léime thiar, agus fadó cítí Sprid ann istoidhche. Deireadh an Sprid leath-rann le h-éinne a chastaoi ar an droichead air agus an té gur theip air an leath-rann eile a cheapadh, mhairbh an Sprid é. Ar chuma ar bith, fuairead cuirp ann ó h-amh go h-amh. Bhí cuid des na daoine ámh, agus deiridís go bhfuair na daoine bás ar eagla na spride.
    Bhí File a gabháil thar an droichead oidhche agus bhí sé ar meisce. Bhí a mhisneach air de bhárr an phoitín sa t-slighe na raibh beann aige ar dhuine nó ar sprid ar taidhbhse nó ar dhiabhal. D'éirig an sprid agus adubhairt "Coinneal is coinnleóir ann is cuirse leath-rann le sin." Dubhairt an File mar fhreagra
    "Cuileann a baintí um Shamhain,
    Chuirfeadh sé crann ar thig."
    Ní raibh an sprid sásta agus dubhairt sé arís
    "Coinneal is coinnleóir ann, Is cuirse leath
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mr John Keohane
    Gender
    Male
    Address
    Bealad East, Co. Cork