School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin tháinig buachaill aimsire a triall ar Suidhe Finn ar Cnoc a Chairn atá suidhte trí mhíle ó thuaidh ó Léím Uí Donnabháin, agus do chaith se blian leis. Sé an chéad obair a fuair sé lé deánamh ó Fhionn ná dul ag treabhadh i móínfheár in aice an locha.San am san bhí droch phiast san loc a mharbhuigheadh na Fianna. Ní raibh an buachaill i bhfad san móinfhéar ag obair nuair connaic sé tonn ag eirighe ins an loch agus tháinig an phiast chuige.Níor dhein sé ach iall bróíge do tharrach dá bhróíg agus do crothadh agus do dein sé claideam di - agus bhuail sé an piast agus dhein sé dhá leath dí. Do snámh an phiast na dhá cuid airis chun an locha agus sul a dimthig sí fé'n uisce, dubhairt sí mar leanas"Trí dabhach óír
Crann ceóil agus corn
Atá fé lic ar a n-aghaid ó thuaid
Idir an Sliabh agus Loch a' Chairn- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Bean Uí Chraoudlaí
- Gender
- Female
- Address
- Corran North, Co. Cork