School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)
- Location:
- Dromclogh, Co. Cork
- Teacher: Riobárd Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do chuaidh an Céadagánach isteach go teach Bird chun an cíos do dhíol. Bhí mion-ghunna 'na phóca aige. Ní raibh an cíos ar fad aige ach thairig sé an méid a bhí aige do Bhird ach ní ghlacfadh seisean uaidh é. Thainig fearg mhór ar an gCéadagánach nuair a chuimhnigh sé ar an léir-scrios a deineadh ar a thigh. Tharraing sé an mion-ghunna as a phóca agus ar seisean go feargach - "Muna nglacfadidh tú tú an t-airgead uaim, glacfaidh tú é seo uaim pé scéal é" ag caitheamh urchair le Bird. Do thuit Bird síos marbh.Do rith an Céadagánach amach agus an mion-ghunna 'na láimh aige agus deatach ag éirghe ón mbéal.(?) Chonnaic mórán daoine é ach ba bheag an mhaitheas é sin dos na saghdiúrí Sasanacha nuair a thángadar ar thóir an Chéadagánaigh, mar ní 'neosfadh aionne (?) dóíbh cá ndeachaidh an fear a dhein an dúnmharbhadh nó cé'r bhé. Fé dheire d'innis fear amháin an scéal dos na piléirí. Chuadar ar thóir an Chéadagánaigh agus thángadar suas leis anag Caol Cill. Caitheadh isteach i bpríosún é, do tugadh ós comhair na cúirte é agus daoradh chun a bháis é. Do crochadh é tamall 'na dhiaidh sin.
- Informant
- Sighle Áine Bean Uí h-Airtnéada
- Gender
- Female
- Address
- Dromclogh, Co. Cork