School: Toames, Maghcromtha (roll number 15478)
- Location:
- Tooms, Co. Cork
- Teacher: Seán de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Toames, Maghcromtha
- XML Page 284
- XML “Na Bailte Fearainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)TEERAVEEN - Tír Aodha Mhín. Comhgarach de Cíll Glas ar an dtaobh seo tá Tír Aodha Mhín. Tugadh an ainm seo ar an áit ó'n Naomh - Naomh Evan. B'é seo an Naomh Evan ceudhna a bhí i mainistir Evan (Monasterevin) i gCo. Cill Dara. Deirtear gur tug sé turas don baile fearann seo i gCill Mhuire.
TIRELTON - (Tír Éilthín)Sgríobhtar an ainm seo ós cionn dorais oifig a' phuist anois ar an gcuma seo Tiréaltan. Ní dóig liom go bfuil sé seo ceart. Is é is dóichighe gur o'n naomh "Eltan" a fuair an baile fearann seo a ainm. Nuair a bíonn na sean-daoine ag caint mar geall ar an mbaile seo is "Tír Éilthín" a deireann siad i gcomnuidhe.
CNOCÁN - (Knockane i mbeurla anois)Ar an dtaobh thoir de Thír Eilthín tá Cnocán. Ní gádh puinn a rádh i dtaobh na h-áite seo. Mínígheann an ainm féin an chúis gur tugadh an ainm seo ar an áit.
BOULBRACKThiar theas de Thír Éilthín tá "Ball Breac". Go deimhin, tá an áit "breac". Tá cuid de'n talamh gó maith na pairceanna go breágh, glas, uain agus imeasg na bpáirceanna nglas táid na potacha go fluirseac, cuid aca dubh le móin agus cuid eile aca clúdaithe le fraoch donn. Is soléir annsan go bhfuil an baile seo "breacaithe" go maith.
GNEEVEAr an dtaobh thoir theas den pharóiste tá an baile fearann seo. Roinnt nó tós tailimh is eadh "Gníomh". Is luagha "gníomh" ná "fearann" nó "Uibh". Tá an baile fearann seo i seilbh muinntir Cróinín ar fad anois.(continues on next page)