School: Doire Chonaire (roll number 4845)
- Location:
- Derryconnery, Co. Cork
- Teacher: Éamonn de Paor
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chonaire
- XML Page 434
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Geadach :- Bó chrón agus gead bhán 'na h-éadainn.
Núair a bhímíd ag tiomáint na mbó deirimíd "habha, habha, huis" agus núair ná bheidís ag imtheacht an bóthar cheart déarfaimís "Róis, Róis, hoch súas" agus d'imeóchaidís ag iníor, ag piocadh fraoich nó fionáin
Crúaidhte a tugadh ar tig na mbó.
'Sé an easair a cuirtear fútha ná aiteann Gaedhlach agus aiteann Gallach agus dorn earach mhíne crochta anúas air.
Dá mbeadh colann crosdála ann agus go mbeirfá cun í thúbairt ar an aonach na h-aonair caithfá crobhnasg nó [?] a chur uirthe chun í thubairt leat.
Cuirtear puthchúl ar asal nó ar chapall chun íad, do choimeád sochair.
Búarach a chuirfá ó chois deirigh go dtí an chos tosaidh d'on bhó núair a bheithfá chun í chrúadh dá mbeadh sí ana chrosdála.
Domhnach na Failime chuiridh blúaire fhailime i gcró na mbó chun rath do thúbhairt des na búaibh.- Informant
- Tadhg Ó Cruadhlaoich
- Gender
- Male
- Address
- Derryconnery, Co. Cork