School: Doire Chonaire (roll number 4845)

Location:
Derryconnery, Co. Cork
Teacher:
Éamonn de Paor
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 369

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 369

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chonaire
  2. XML Page 369
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear 'na chómhnuidhe i loch-dhá-bhall darb ainm Peadar a' Chraith...

    Bhí fear 'na chómhnuidhe i loch-dhá-bhall darb ainm Peadar a' Chraith agus an úair sin bhídís ag sciobadh ban leó chun íad do phósadh agus do sciob sé bean darb ainm Cáit Díarmuda agus thug sé leis í go Loc-dhá-Bhall í go dtí a thig féin. D'fág sé istig í agus do chúaidh sé ag bhailiú cóisre i gcómhair a phósda. Bhí tig beag ar aghaidh an doruis amach agus bhí seanbhean ina chómhnuidhe ann darb ainm Maire Chápa agus níor mhaith léi an bean a beith ag Peadar. "Tar amach in aonfheacht liom" arsa an t-seanbhean go bhfáistidh tú braitlín liom. Do sháid sí an dorus iadhta amach agus síos Leaca na nGabhar, an páirc in aice an locha agus síos Béarna Phúirt léi. Bhí Amhlaoibh Mór ón bhFuircéil ina choinnibh annsan agus tug sé síar go dtí Leaca Bhán í idir an dá Ghabhil go dtí Conchubhar Úcaire agus thug sé sin go dtí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Úrdail
    Gender
    Male
    Address
    Loughavaul, Co. Cork