School: An Dúinín (roll number 4444)

Location:
Dooneen, Co. Cork
Teacher:
R. Ó Motharua
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Dúinín
  2. XML Page 127
  3. XML “Tobar Phartaláin Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sé suidthe i mbaile - fearann na Tuatha (Jockead) i Logán in aice na faille cois fairrge ar an taobh thuaidh de'n áit. Tuir singirlín ar an taobh thiar de cloch móra, leathana, árduithe ar gach taobh de ac ar a dtaobh thiar thuaidh, leach mór ar a bhárr i gcóir na n-oilithreach.
    Fear naomtha ab' eadh Partalán a théigheann go dtí an tobar, ag síor-guidhe cun Dé, toisg é bheith dall. Tugadh radharc na sul cuige airís agus ó shoin i leith tá a ainm ar an dtobar. Tá tráig in aice na h-áite - Cuaisín a' Tobair.
    14adh Bealthaine - D'eug an turus ann 40 blian ó shoin
    Cun galair na sul do leigeas
    Trí chuairt do dhéanamh timpeall ar tobar ar an taobh clé. Cloc Bhán cun gach cuirt do mharcáil. Deirtear deichneabhar de'n Coróin Mhuire ag gach cuairt agus an liodán ar deire
    Ní nightear na súile ins an uisce ar ao' chor - ach óltar an t-uisce agus tógtar abhaile é
    Nuair a bhíodh na daoine ag fágaint an tobair ceangaileadh píosaí éadaig ar an dtor singirlín. Deirtí go mbíodh iasc san tobar, Uair áirithe thóg duine éigin buicéad uisce agus an t-iasc ann, abhaile ach ní fhiuchfadh an t-uische agus cuireadh an t-iasc san tobar airís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Ceochaín
    Gender
    Female
    Address
    Toehead, Co. Cork