Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)
- Suíomh:
- Dooneen, Co. Cork
- Múinteoir: R. Ó Motharua
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Dúinín
- XML Leathanach 106
- XML “An Rón”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rón saor agus ní airigheadar an glór ó'n uair sin amach.
- Fadó do bhí fear in a chómhnuidhe i mBán Íseal darabh ainm dó Tadhg Ó Mach Chárrtaig. Oidhche amháin do chuir sé gábhail féir ar chnoc ós cómhair a thighe amach. Nuair a tháinig na cómharsain a bhí in a gcómhnuidhe in aice an fhir, go dtí an áit san oidhche, do chonnacadar an gábhail féir ar an gcnoch, mar bhí an ré ag soillsiú agus cheapadar gur sprid a bhí in-a seasamh ann. Do bhí eagla ortha agus ghlaodhar ar na cómharsanaibh go léir in-a dtimcheall Rugadar ar phící agus ag bhatáibh agus ritheadar fé dhéin an sprid chun é do mharbhú. Níor chorruig an fear. Níor chuimhnig Tadhg féin gur chuir sé an féar ann agus bhí sé féin ad'iarraidh é do mharbhú. Do chaitheadar mór chuid de'n oidhche ann. Nuair d'eirig an mhaidin, do chonnacadar an beart féir agus bhíodar ag gáire fútha-féin.
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bawnishall, Co. Cork