School: An Dúinín (roll number 4444)

Location:
Dooneen, Co. Cork
Teacher:
R. Ó Motharua
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 107

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Dúinín
  2. XML Page 107
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tímcheall dathad bliain o shoin do chómhnuig fear i dtig i bhfeirm mo shean-áthar i bhFathúra. Fear oibre ab'eadh an fear agus b'é an ainm a bhí ar ná Sean Ó h-Aodha. Do chómnuig sé le a mhnaoí agus a chlann i dtigh dá sheomra.
    Aon lá amháin do chuaidh Bean Uí h-Aodha go dtí tig mo shean-athar agus d'fhag sí an doras ar oscailt, in a díaidh. Tar éis tamaill do chuaidh cráin-muiche mo shean-athar isteach. Do bhí tímcheall dhá cloich phúr i mála ar an racha. Do strac sí an mála agus do scaip sí an plúr go léír amach ar an úrlár. Annsan do chuaidh sí isteach ins an seomra chodlata agus d'aimsig sí bosca ubh ar chúl an dorais. D'ith sí na h-uibhe go leir agus an fhaid is a bhí sí ag déanamh an díoghbhála seo do dúnadh an doras in a díaidh
    Nuair do bhí na h-uibhe go léir ithte aichi do chuaidh sí isteach ins an leabaidh agus do luig sé ann. Nuair do tháinig Bean Uí h-Aodha abhaile do chonnaic sí an díoghbháil a bhí déanta.Tar éis tamaill d'oscail sí doras an t-seomra codladta agus do chonnaic sí an mhuc istig ins an leabaidh. Nuair do chonnaic an mhuc an bhean do táinig sceón uirthí agus do phreabh sí in aon léim amach tríd an bhfhuinneóg, tré, gloine agus uile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Mhurchadha
    Gender
    Female
    Address
    Bawnishall, Co. Cork