School: An Dúinín (roll number 4444)

Location:
Dooneen, Co. Cork
Teacher:
R. Ó Motharua
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Dúinín
  2. XML Page 116
  3. XML “Díonadóireacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cuid beag de's na seana-chéardanna againn tímcheall na h-áite seo fós, agus sé an ceard atá go coitcheanta againn fós ná díonadóireacht. Tá mórán tig dín-tuighe tímcheall na h-áite seo fós, agus mar gheall ar sin, deintear mórán díonadóireacht.
    Sé an túighe a úsáidtear ná tuighe cruithneachtan. Nuair a bhaintear an chruithneacht ins an bhFóghmhar, ní bhuailtear í leis an innneal buailte ach le súistí, mar briseann an t-inneal an tuighe. Cuirtear í, i [?]gcruach ar feadh an Gheimhridh chun é do thriomú agus do righniú. Más tig nua a bhíonn a clúdúghadh, cuirtear fóid leathana tanaidhe anúas ar na frathachaibh ar dtúis.
    Annsan cuirtear sreath tuighe ann agus ceangailtear é leis na frathachaibh tríd na fóid le téada gharbha. Annsan deintear íad san do shnaidhmeadh go daingean. Núair a thagann an díonadóir go dtí an dara srath tuighe úsáideann sé na scuilb chun an tuighe do [?]ghreamadh ar an dtigh. Má bhíonn sé ag deisiú tighe ní gádh dó bheith chómh-cúramach.
    Ar bhuaic an tighe, cuirtear "círín" de scuilb, cuid díobh, go fiar-threasna thar a céile. Cun na fallaí do choimeád tirim
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. thatching (~353)
    Language
    Irish
    Collector
    Dónal Ó Coileáin
    Gender
    Male
    Address
    Laharan, Co. Cork