Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)
- Suíomh:
- An Dúinín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: R. Ó Motharua
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Dúinín
- XML Leathanach 116
- XML “Díonadóireacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuid beag de's na seana-chéardanna againn tímcheall na h-áite seo fós, agus sé an ceard atá go coitcheanta againn fós ná díonadóireacht. Tá mórán tig dín-tuighe tímcheall na h-áite seo fós, agus mar gheall ar sin, deintear mórán díonadóireacht.
Sé an túighe a úsáidtear ná tuighe cruithneachtan. Nuair a bhaintear an chruithneacht ins an bhFóghmhar, ní bhuailtear í leis an innneal buailte ach le súistí, mar briseann an t-inneal an tuighe. Cuirtear í, i [?]gcruach ar feadh an Gheimhridh chun é do thriomú agus do righniú. Más tig nua a bhíonn a clúdúghadh, cuirtear fóid leathana tanaidhe anúas ar na frathachaibh ar dtúis.
Annsan cuirtear sreath tuighe ann agus ceangailtear é leis na frathachaibh tríd na fóid le téada gharbha. Annsan deintear íad san do shnaidhmeadh go daingean. Núair a thagann an díonadóir go dtí an dara srath tuighe úsáideann sé na scuilb chun an tuighe do [?]ghreamadh ar an dtigh. Má bhíonn sé ag deisiú tighe ní gádh dó bheith chómh-cúramach.
Ar bhuaic an tighe, cuirtear "círín" de scuilb, cuid díobh, go fiar-threasna thar a céile. Cun na fallaí do choimeád tirim(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dónal Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leathfhearann, Co. Chorcaí