School: An Dúinín (roll number 4444)
- Location:
- Dooneen, Co. Cork
- Teacher: R. Ó Motharua
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Dúinín
- XML Page 115
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí búachaill ag obair le buistéar uair. Oidhche dhorcha núair a bhí sé ag dul abhaile ar rothar, thug an búistéar tóirse aibléise dó. Bhí sé san go maith go dtí gur shrois sé abhaile. Is amhlaidh ná feaca an t-amadán lampa mar sin ríamh agus ní raibh a fhios aige conus é do mhúchadh. Cad a dhein sé ach chuir sé é isteach i mbuicéad uisce chun é do mhúchadh. Núair a tháinig a dhritheár abhaile agus núair a chonnaich sé cad a bhí déanta aige "Hu, a ghamaill mhóir"! ar seisean "Ná fuil fhios agat conus é sin do mhúchadh" Do mhúc sé é dhó annsan.
- Informant
- Bean Máire Ní Chathaláin
- Gender
- Female
- Address
- Lickowen, Co. Cork
- Bhí fear ann uair agus níor chaith sé peidhre bróg riamh. Lá amháin chuaidh sé go dtí an bhaile mór chun peidhre bróg do cheannach. Chuir sé an peidhre bróg air ar thaobh an bhóthair ag dul abhaile, ach níor oscail sé an córda a bhí ag ceangailt na mbróg le céile. Dá bhríg sin bhí sé go mall ag teacht abhaile. Bhí imshníomh ar a mhnaoí cá raibh sé ach nuair a tháinig sé go dtí an doras thuit sé ar an urlár leis an tuirse."Mí-chothrom orthu mar bhróga" arsa an t-amadán. "Ní chaithfeadh-sa peidhre bróg feasta".