Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)

Suíomh:
An Dúinín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
R. Ó Motharua
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Dúinín
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Scéal Grinn Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí búachaill ag obair le buistéar uair. Oidhche dhorcha núair a bhí sé ag dul abhaile ar rothar, thug an búistéar tóirse aibléise dó. Bhí sé san go maith go dtí gur shrois sé abhaile. Is amhlaidh ná feaca an t-amadán lampa mar sin ríamh agus ní raibh a fhios aige conus é do mhúchadh. Cad a dhein sé ach chuir sé é isteach i mbuicéad uisce chun é do mhúchadh. Núair a tháinig a dhritheár abhaile agus núair a chonnaich sé cad a bhí déanta aige "Hu, a ghamaill mhóir"! ar seisean "Ná fuil fhios agat conus é sin do mhúchadh" Do mhúc sé é dhó annsan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Máire Ní Chathaláin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leic Eoghain, Co. Chorcaí
  2. Bhí fear ann uair agus níor chaith sé peidhre bróg riamh. Lá amháin chuaidh sé go dtí an bhaile mór chun peidhre bróg do cheannach. Chuir sé an peidhre bróg air ar thaobh an bhóthair ag dul abhaile, ach níor oscail sé an córda a bhí ag ceangailt na mbróg le céile. Dá bhríg sin bhí sé go mall ag teacht abhaile. Bhí imshníomh ar a mhnaoí cá raibh sé ach nuair a tháinig sé go dtí an doras thuit sé ar an urlár leis an tuirse."Mí-chothrom orthu mar bhróga" arsa an t-amadán. "Ní chaithfeadh-sa peidhre bróg feasta".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.