School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 151
- XML “Comalán”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gach bliain fadó shoin. Do théigead an fiolar go Carraig Aonar gach lá. Aon lá amháin nuair a bhí sé ag teacht thar nais do chuaidh cat sa phíobán ann. Do fuaireadh iad araon ina dhiaidh sin báidthe in Inbhear Bheag. Deirtear gurabh é sin an fiolar deirineach a bhí in Éirinn ó shoin. Cáit Ní Drisceóil,
Cumolán,
Inis Cléireó Chiarán Ó'Drisceóil
(56 bl) - Tá tobar beannuite i dTrá Chiaráin agus sé an ainm atá air ná Tobar Ciaráin. Sé an fáth gur tugad an ainm sin air toisc gurb é Naomh Ciarán ( an cead naomh de naomhaibh na hÉireann a achuir ann é. Tá cúig toibreacha beaga á deanamh. Bíonn síad clúdaighthe ar lán mara toisc gur air an dtráig atá siad. Tá gallán in aice leis an dtobar agus tá dhá chros air agus rían cúig mhéarna Naomh Ciarán. Téigeann daoine ann ar thuras ar an 5adh lá de mhí Mhárta mar sin é Féile Naomh Ciarán agus comeádar saoíre igCléire an lá san i gcómhnuídhe toisc gurab é Naomh Ciarán a iompuig chun an Creideamh Fíor muínntear Cléire. Tugann na daoine go léir uisce abhaile leo ó'n dtobar an lá san agus coimeádann siad istigh é ar feadh bliana agus annsan caitheann síad igcoinnibh fallaí a' tíghe é. Fé'n fhaidh a choimeáfá istigh é ní dríofadh sé. Tá ana leigheas ann agus ólann ana cuid daoine é.(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ni Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Ciarán Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Comalán, Co. Cork