School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 087
- XML “Seanfhocail”
- XML “Scéal - Matalang”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(3) Ná bí indeire sguit, ná i dtosach bruighean.
- Bhí fear i gComolán aon uair amháin, darabh ainm Donnchadh Ó Céadagáin, agus bhíodh sé ag iasgaireacht le slait ngach aon lá ar an Rínnreamhair, ar an dtaobh theas do Cléire. Aon lá amháin bhí sé ag iasgaireacht ann, agus bhí sé ana garbh, agus tháinig calaithe mór isteach agus do thug sé cun siúbhail é. An lá sin d'fhág sé an baile ana grod, agus bhí an lá ag cáitheamh agus ní raibh sé ag teacht abhaile cun a dhinnéir. Do cuadar á cuardach um thráthnóna agus do cúarduígheadar nach aon áit, ách ní fheadfhaidís é fhághailt. Fuaradar an slat a bhí aige ag iasgaireacht, ar an gCarraig ina mbíodh sé ag iasgaireacht igcómhnuidhe. Do chuireadar a thuairisg ins ngach aon áit, cun fhághailt amach i bhfeachaidh aoinne é. An céad tuairisg a fuaradar mar geall ar, gur tógadh é i dtráigh éigin ar an dtoabh theas do Inis Archáin, agus do thug sé isteach go Cléire é. Annsan thug sé go dtí an séipéal é, agus do leogadh ann é ar feadh na hoidhche. An lá 'na dhiaidh sin do chuireadh sa Roilig é.
Bailig: Proinséas De Búrca, Trá Chíaráin, Inis Cléire
Fuaireas ó: Séamas Ó Drisceóil, Cumolán Theas, (21 bl.)- Collector
- Proinséas de Búrca
- Gender
- Male
- Address
- Trá Chiaráin, Co. Cork
- Informant
- Séamas Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 21
- Address
- Comalán, Co. Cork