School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 133
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí áthrach ó'n Phortuingéal ag teact ó thaobh theas mBrica(?) ag dul go Corcaig ar órduighthibh. Do bhí an aimsir doiriche agus níor fhead an captaén an grian a thágaint ar feadh tamaill mhóir. Do cuireadh as a gcúrsa iad in sa chás nár mhothuigheadar cá rabhahar, go rabhadar teanntuighthe idir Cléire agus na Laoidhthe. Leis an captaén féin dob eadh an bád agus do bhí sé féin agus a mhach agus dhá fhear deug innti. Nuair a fuaireadar amach iad féin a bheith teanntuighthe do dheineadar a ndícheall chun iad féin a shábhálta.Do bhí gaoth láidir indheas ann, agus ceó, agus báistheach agus do bhíodar a' trial ar obrú amach an Bholach. Nuair a fuaireadar amach nárbh aon tairbhe dhóibh é do thrialadar ar theacht chun ancaire ach níor choinnibh an t-ancaire in ao' chor. Annsan d'iaraidh an t-athair dá mhach an t-ancaire d'fághailt aníos agus é do lúbadh sa chábhaltha, ach dubhairt an mac leis gur fhág sé an chábhaltha sa bhaile. Ní raibh aon pílóit aca agus ní raibh aon eolas aca féin ar an áit agus do chuadhar ar charraig atá inaice leis an gCarraig Móir. Do chuadar go léir ináirde ar an dtigín a bhí uirthi ach amháin an captaén, do chuaidh sé sín síos sa chábán a' diaraidh a chuid óir. Ach an fhaid a bhí sé shíos do sguabadh an tigín de'n luíng agus do chuaidh an cuid eile de síos go tón fuíll agus do cailleadh an captaén. Do shnáim an tigín tímcheall ar feadh cúpla lá agus fé dheire(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Tomás Ó Síothcáin
- Gender
- Male
- Age
- 87
- Address
- Comalán, Co. Cork