School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 076

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 076

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 076
  3. XML “An Caoineadh”
  4. XML “An Gabha”
  5. XML “Tomhais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Aicíd na cuda eile ortha,
    Siar go heirball tímhcheall."
    Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán
    Fuaireas ó: Eibhlín Bean Ní Drisceóil, Cumolán
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí gabha ann fadó agus do bhíodh a bhean agus máthair a chéile ag troid igcómhnuidhe agus do bhíod sé cráidhthe ciapaithe uaitha. Aon lá amháin do chuaid an gabha as baile agus d'fág sé a sheiribheasach ina dhiaidh sa bhaile agus dubhairt sé leis nuair a bhí sé ag fágáilt an baile, na mná a smachtughadh agus gan leigint dóibh bheith ag troid.
    Ní raibh an gabha abhfadh imthigthe nuair a thosnuig na mná ag troid airís. Do thrial an seiribheasach ar iad a chur ó na céile ach níor fhead sé é. Do chuimhnig sé ar féin ar feadh tamaill, sa deire, dubhairt sé, "tá sé agam sa deire." Do rug sé ar an mbeirt agus do chuir sé anuas ar an neóin iad agus do thosnuig sí a mbualadh is á mbualadh leis an casúr go dtí gur dhein sé aon bhean amháin do'n mbeirt. Nuair a thainig an gabha abhaile do bhí iongna a chroidhe air nuair a chonnaich sé an bhean áluinn ar fuid a' tighe. Dubhairt sé leis an seiribeasach, "cad é an sórd mnaoi í seó". Annsan dubhairt an seirbhiseach mar spórt, "bean nua gan dabht". "Seadh díreach mhuise," arsa an gabha: Annsan d'inis an seiribheasach an cúrsa go léir do agus do mhaireadar go sona sásta as san amach.
    Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán
    Fuaireas ó: Tadhg Ó Siotcháin, Cumolán
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.