Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “Comalán”
  4. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gach bliain fadó shoin. Do théigead an fiolar go Carraig Aonar gach lá. Aon lá amháin nuair a bhí sé ag teacht thar nais do chuaidh cat sa phíobán ann. Do fuaireadh iad araon ina dhiaidh sin báidthe in Inbhear Bheag. Deirtear gurabh é sin an fiolar deirineach a bhí in Éirinn ó shoin.
    Cáit Ní Drisceóil,
    Cumolán,
    Inis Cléire
    ó Chiarán Ó'Drisceóil
    (56 bl)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá tobar beannuite i dTrá Chiaráin agus sé an ainm atá air ná Tobar Ciaráin. Sé an fáth gur tugad an ainm sin air toisc gurb é Naomh Ciarán ( an cead naomh de naomhaibh na hÉireann a achuir ann é. Tá cúig toibreacha beaga á deanamh. Bíonn síad clúdaighthe ar lán mara toisc gur air an dtráig atá siad. Tá gallán in aice leis an dtobar agus tá dhá chros air agus rían cúig mhéarna Naomh Ciarán.
    Téigeann daoine ann ar thuras ar an 5adh lá de mhí Mhárta mar sin é Féile Naomh Ciarán agus comeádar saoíre igCléire an lá san i gcómhnuídhe toisc gurab é Naomh Ciarán a iompuig chun an Creideamh Fíor muínntear Cléire. Tugann na daoine go léir uisce abhaile leo ó'n dtobar an lá san agus coimeádann siad istigh é ar feadh bliana agus annsan caitheann síad igcoinnibh fallaí a' tíghe é. Fé'n fhaidh a choimeáfá istigh é ní dríofadh sé. Tá ana leigheas ann agus ólann ana cuid daoine é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ni Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Ciarán Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí