School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 092

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 092
  3. XML “Scéal Sheáin Uí Bhriain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bíod foidne agat gus geab fadh tú aon rudh" arsa an seanduine
    "Teastuigeann an bhean uaim" arsa Sean,
    D'eirig an seanduine na seasaimh is cuir sé curann ór ar an mbórd.
    "Geobhair an cailín" ar sé "ach caitfid sí deoch a ól as an gcorann seo cuir go mbeidh sí beó ar coingeall ná cuirfidh tú isteach orainn go deó airís"
    Líon sé amach an bheóir dí is d'ól sí é. Cuir Seán a lamh fé na h-asgail is tug amach as an lios é. Tug sé abaile cuig a máthair í aghus bhí an atháis uirtí mar geall ar an méid a rinne sé. Dubhairt sí lé Seán
    "A Seaín tá tú lé fada ag dul im coinnibh ach tá gniomh dó crochta deanta agat anois. Thug an cailín bliain idtigh Seaín is gan í indón focal a labhairt.
    An lá 'lé Pádraigh na diaidh sin cuaidh Seán ag ól airís go dtí an áit céadna is d'ól sé braon. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí leath na stiurach fé n na sgíth is a bata na dorn.
    Casad an muinntir céadna air is a casadh ar bliain roimhis sin ag tróchar eile achu. Rinneadar gach rud mar a rinnead bliain roimh is sin. Cuaidh siad isteach fén gcarraig is cuaidh Seán taobh tiar den dréimire mar a rinne sé bliain roimh is sin. Bhí na búird leaghtha agus fíon is beoire go fluirseach ortha. Dubhairt seanduine an cáipín deirgh leó an tróchar a tabhairt chuige féacaint cad a bhí achu.
    Nuair a connaich sé an bean óg dubhairt sé nach raibh sí (?) leath cómh deas leis an ceann a sgiobh Seán O Briain leis bliain roimh is sin ach dubairt sé nach mbeadh sí ábalta ar labhairt go dtí go leagfaí an brath bórd a bhí aige ar bórd dí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás O Séogdha
    Gender
    Male
    Address
    Baile Iarthach Theas, Co. Cork
    Informant
    Dómhnaill Ó Lionáin
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Baile Iarthach Theas, Co. Cork