School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 057

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 057

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 057
  3. XML “Poll an Doirc - Diarmuid agus Gráinne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Poll a' Doirc" - Diarmuid is Gráinne

    Deirtear nuair a bhí Diarmuid is Gráinne ag rith ó Fionn fad ó go dtánadar isteach go Cléire is gur thánadar an dtír ar an dtaobh thoir sheas den Oileán.
    Bhí cnoc mór as a gcómhair amach agus bhí carraig ar a bhárr agus thagadh fiolar nach aon seachtú bliain ann is do bhéaradh sé ubh ann agus ar ádhbharaighe a'tsaoghail bhí sé ann an lá so. Nuair a chonnaic Diarmuid é rith sé suas go bárr an chnuic chun é mharbhú, ac nuair a shrois sé an bárr bhí sé buailte amach agus chaith sé suidhe síos. Chonnaich sé an tubh 'na luighe ar an gcarraig cúpla slat uaidh is thóg sé é chun é ithe, ach nuair a chonnaich an fiolar é sin tháinig sí thar nais is bhí sí a d'iarraidh é ghobadh. Níor dhein Diarmuid dath ach sheas sé suas is chaith sé claidheamh airgid a bhí aige leis ach má seadh níor bhuail sé an fiolar, is bhí sé níos measa ná riamh mar bhí a claidheamh caillte aige is ní raibh aon sásamh le fághail.
    Fé dheire chaith sé dorc breag ór a bhí aige leis is bhuail sé an fiolar is mhairbh sé é. Thuit an "Dorc" ar a talamh an aice an tusge is dhein sé poll mór ann is tugtar mar ainm ar an bpoll sin riamh ó shoin - "Poll Doirc".

    Bailig: Seósamh Ó Drisceóil: Cnocán na mBáirneach:

    * * *

    "Is fearr paiste na poll"

    "Dá mbeadh bó ag an gcat do pósfaí é, agus an cat ná beidh is fad ó bhaile seólfar é."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Seósamh Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Address
    Cnocán na mBairneach, Co. Cork