Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Poll a' Doirc" - Diarmuid is Gráinne
Deirtear nuair a bhí Diarmuid is Gráinne ag rith ó Fionn fad ó go dtánadar isteach go Cléire is gur thánadar an dtír ar an dtaobh thoir sheas den Oileán.Bhí cnoc mór as a gcómhair amach agus bhí carraig ar a bhárr agus thagadh fiolar nach aon seachtú bliain ann is do bhéaradh sé ubh ann agus ar ádhbharaighe a'tsaoghail bhí sé ann an lá so. Nuair a chonnaic Diarmuid é rith sé suas go bárr an chnuic chun é mharbhú, ac nuair a shrois sé an bárr bhí sé buailte amach agus chaith sé suidhe síos. Chonnaich sé an tubh 'na luighe ar an gcarraig cúpla slat uaidh is thóg sé é chun é ithe, ach nuair a chonnaich an fiolar é sin tháinig sí thar nais is bhí sí a d'iarraidh é ghobadh. Níor dhein Diarmuid dath ach sheas sé suas is chaith sé claidheamh airgid a bhí aige leis ach má seadh níor bhuail sé an fiolar, is bhí sé níos measa ná riamh mar bhí a claidheamh caillte aige is ní raibh aon sásamh le fághail.Fé dheire chaith sé dorc breag ór a bhí aige leis is bhuail sé an fiolar is mhairbh sé é. Thuit an "Dorc" ar a talamh an aice an tusge is dhein sé poll mór ann is tugtar mar ainm ar an bpoll sin riamh ó shoin - "Poll Doirc".
Bailig: Seósamh Ó Drisceóil: Cnocán na mBáirneach:
* * *
"Is fearr paiste na poll"
"Dá mbeadh bó ag an gcat do pósfaí é, agus an cat ná beidh is fad ó bhaile seólfar é."- Bailitheoir
- Seósamh Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí