Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cahersiveen, Co. Kerry
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 213
  3. XML “bhFuil Fhios agat”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bealtaine ar eagla go mbéarfadh deatach na teine sin an t-ím laé go tig na comharsan

    Nách ceart leanbh gan coisideacht do bhreith go tig na tóramh

    Nách ceart púnt ime gan salann do thabhairt de duine bhocht ar son anama dhuine mhuinntearda leat

    * * *

    Deireann na sean-daoine go ndeintear fíon de'n uisge ar an dá uair déág Oidhche Nodhlagh. Tá sgéal ann gur chuaidh bhuachaill beag agus beirt cailíní beaga amach Oidhche Nodhlag go dtí an tobar féachaint an iompóchadh an t-uisge 'n-a fíón. Leanbhaí ó Cháthan, le h-ais Chathair Saidhbhín ab' eadh iad, agus do sgiobadh ó'n tobar iad agus ní fheaca ó s hoin iad. Annsan chloiseadh na daoine tímcheall na h-áite an beirt dreiféar agus glaodhach ar an ndriotháír taréis na gréíne dul síós agus ní fheicidís in aon chor iad. Diarmuid ab' ainm do'n driotháir, agus seo an cainnt a bhíódh ar siúbhal aca, " a thúirín na Binne an bfeicfeá Diarmuid," "a thobair na bhfraochán an bfeicfeá Diarmuid," "a fharraige na feirge an bfeicfeá Diarmuid, agus mórán mór d'á leithéíd sin cainnte.

    * * *

    Ní ceart do dhuine a taidhreamh na h-oidhche d'innsint agus é ar chiallachtain.

    Deirtear nách maith é taidhreamh mar gheall ar feóíl, uibhe, iasg ná bainne. Cómhartha socraide iseadh taidhreamh mar 'geall ar phósadh.

    Deirtear gur bean sídhe a chuireann na taidhrimh ar cheann duine.

    Má bhíonn taidhreamh ag duine mar gheall ar dhuine mharbh go minic, deirtear gur rud éigin a bhíonn sa treis ar an nduine marbh san.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge