Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Kells, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Roads Treasure”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis agus bíodh sé sléibhte na Ródaibh go minic ag áodhaireacht caorach. Núair a bíodh sé ag cuir báistíghe, bhí carraig mór árd ann agus is amhlaidh a théigheadh sé fé'n gcarraig agus núair a thagadh sé amach arís beadh sé go breágh tirim. Lá amháin ámhthach nuair a bhí sé fé'n gcarraig cad a connaic sé acht luch agus é ag súgradh le rud beag buidhe. Taréis tamaill do rith an luch isteach i bpoll ach sar ibhfad do rith sé amach arís agus rud beag buidhe eile aige. Annsan d'feuch Seán agus thuig sé go raibh dá sobherign d'ór bhuidhe tagtha amac. Seadh do lean an luch ag rith isteach is amach agus ag tabhairt sobherign d'ór amach leis gach uair go dtí go raibh carnán mór d'ór tugtha amach aige. Do thuig Sean fé'n am san go raibh ciste óir i bfolach fé'n gcarraig san agus dar ndóigh bhí fonn air, an áit sin do réabhad. An lá ar na bhaireach do raob sé an áit sin go dithneasach agus go dúthrachtach agus do lean sé de bheith ag rómhar agus ag ráobadh acht níorb aon mhaitheas do mar mo mhairg n'fheaca sé tásc ná túirisc ar an t-ór ná an luich. Ó shoin i leith tugadh "Carraig an Airgid" ar an áit sin. Inaice na carraige sin tá "Carraig na bhFiolar". Is amhlaidh a bhí fiolar fé'n gcarraig agus bhí na daoine cráidhte leis mar d'íosadh sé na h-uain óga agus deirtear gur sciob sé leanbh. De muinntear "Webb" a bhí na gcómhnaídhe ins na Ródaibh na céadta bliain ó shoin. Lá amháin do thug sé bíadh isteach do'n a chlann óg agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Ní Laoingsigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Kells, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Diamuid Ó Laoinghsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Kells, Co. Kerry