School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 306

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 306

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 306
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    marbh aige sin” agus d’fágadar annsan é. Nuair a fuair mo dhuine imthighthe iad d’eirig sé agus bhailibh leis cun siubhal. Casadh isteach i dtig mór é agus nuair a bhí a dhóthian itte aige labhair fear an tighe leis agus seo mar a dubhairt sé.
    “Tá caisleán mór dá thógaint agam agus nil aon mhaidean a eirighim ná go mbíonn sé leagaighthe go talamh agus bheinn ana buidheach dhuit dá raghfá dá fairre dhom anocht.” “Raghadh agus fáilte” arsan fígheadóir agus sgeithimíní áthis air mar cheap sé go mbeadh sé saidhbhir. “Faig croiceann caoireach dhom” ar seisean le bean an tighe, “agus fhuaig dhom é.”
    Nuair a bhí an croiceann ullamh líon an fígheadóir é do bhiadh agus cuir sé laistaig síos dá cuid eadaig é agus cuaidh sé i mbun a ghnótha. I lár na h-oidhce siar cualadh sé cuige “Fúth Fáth Fothrom” ag scata fathaig agus iad ag teacht fé dhéin an caisleáin. Nuair a sroiseadar bun an chaisleán bhí an fígheadóir in áirde go h-aireach agus dá cloch móra aige.
    Cuaidh duine aca ar drom an dhuine eile agus ins an t-slighe go rabhadar árd go leór cun an caisleán do leaga. Sgaoíl an fígheadóir cloch mór agus mairbh sé gach duine aca ac aoinne amháin. “Muise” arsan fathach, “Cé tá ináirde? “Táim-se” arsan fígheadóir. “Tar anuas” arsan fathach go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1088: Eating Contest
    AT1121: Ogre's Wife Burned in his Own Oven
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Sheaghdha
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheál Ó Cearna
    Gender
    Male