School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 275
- XML “Liam Scot”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)síos an chaora. Ní raibh sí i bhfad ag beirbhú agus nuair a bhí sí beirbthe tógadh í agus cuireadh chúcha a suipéar agus nuair a bhí sé ithte acu do thairg fear an tíghe siar a chathaoir agus do thosnuig sé ar an amhrán do chanadh dhóibh agus nuair a bhí sé críochnuighthe aige do bhuaileadar an doras amach go buidheach beannachtach agus níor chualadar fé dhéin aon cailín riamh ó shion mar do stiúraidh sé ar a leasa iad.Seo é an t-Amhrán:-Teagasg a thugaim díbh gan cealg ó’m chroídhe a ghasrad an gníomh éachtaig
Seachnaighidh an t-olc atá le fada ionnaibh mar locht,
‘S Leannaig an t-Órd Naomhtha,
Feacfaimís cár thriall ar imthig úainne riamh laochra agus Fiannna Éireann
D’imthigheadar rómhainn mar a bheadh scamall beag de cheó
Agis taid siad ar feódh a’ge daolaibh11.Feachfaimís arís ar gach beart agus baois do dheasgaibh agus do dhíth na céile
Go dtiocfhaidh Mac Dé agus a choisde le na Thaobh chun ár gcúrtha go léir d’éisteacht
Suidhfhidh Sé amuigh ar Mhaoileann an chnoic agus chídhfear é na Chrois Céasta
Leabhar aige na lámh,
Sé ag glaodhach annsúd ar ár gcurtha ag É ghá léigheadh dhúinn111.Ní díon dúinn annsan na coillte ná na cnoic
Agus díolfam as na curtha saoghalta
Lasfaidh an spéir agus an fharraige thréan agus an talamh go léir go réibfear
Tiocfhaidh adthuaidh go feargan-ta fuair deamhain agus sluaidhte an tsaoghail seo;
Scriosfhaidh siad leó go h-Ifrionn gan moill gac anam bocht annsud a dhaorfar
Dúbhshaig an ghrian ar Mhúscailt na ndiabhal chun líon dubh na bpiann d’eisteacht
Mo creach agus mo chás nach dealbh é mar lá, munár go cathair geal na ngrást a d’tréaltham(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chonchúbhair
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Connchúbhair Uí Connchúbhair
- Gender
- Female