School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 271

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 271

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 271
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gur fir sídhe a b’eadh íad. Tháinig siad isteach agus stad siad ag siubhal ós a cómhair amach. Níor labhair duine aca. Tháinig fearg ar an mbuachaill agus d’fiarr sé ortha an comhartha a leagaint síos agus do dhéin an cead an dara agus an triomhadh fear é síos ach níor leag an ceathramhadh fear é síos. Annsan thosnuig sé ag stealadh an ceathramhadh fear le bata agus thosnuigheadar ag stealadh a chéile agus ag bualadh a chéile agus bhíodar mairsin an oidhche go léir go dtí gur glaodh an coileach. Annsan dubhairt an fear sidhe, “Is mithid duinn bheith ag imteacht ach bhí an buadh agatsa go macanta,” annsan dubhairt an ceathramhadh fear leis an mbuachaill a shuile a dhunadh agus dhein. Nuair a oscail sé iad bhíodar imthighthe ach bhí an cómhartha fannta; annsan thóg sé an cómhartha abhaile leis agus d’oscail sé é agus cad a chonnaic sé ach cailín óg, an cailín do b-áluinne a chonnaic sé riamh agus an nomat a oscail sé é phreab sí suas agus bhí sí beó airís, ach ní raibh sí abalt an chainnt. Tainig eagla ar an mbuachaill gur bean sidhe a beadh í agus cuaidh sé go fear (driocta) draoidheachta a bhí na chómhnaidhe in aice leis agus dinnis sé ans scéal do. Thug an fear (driocta) draoidheachta cómhairle do annsan. Dubhairt sé gur cailín daondha do beadh í agus ana thamall ó shin bhí sí cun pósadh ach an oidhche roim phósad bhí rinnce mór ar siúbhal agus bhí sí ag rínnce agus sleamhnuig sí ar an úrlár agus thuit sí marbh. Cheap na daoine gur marbh a bhí sí ach níor mar sin a thárluig. Is amhlaidh a bhí na púcaidhe taréis í thógaint. Annsan thug sé buidéal do agus dubhairt sé, “Taréis bliadna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Breathnach
    Gender
    Male
    Informant
    Diarmuid Ó Síodhcháin
    Gender
    Male