School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 220
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“San mbliadhain 1825 a bhí an bruighean déidheannach aca i Máighistir Gaoithe agus ní dubhrathas aon Aifreann istig sa séipéal an Domhnach san...”
Pádraig Ó Súilleabháin Innse Bháidhthe
Mícheál Ua Módhráin Caol a Phréacháin d’innis1. San mbliadhain 1825 a bhí an bruighean déidheannach aca i Máighistir Gaoithe agus ní dubhrathas aon Aifreann istig sa séipéal an Domhnach san. Bhí feirm ag Bait Thaidhg Uí Shúilleabháin i Máighistir Gaoithe an t-am sin. Muinntir Churráin anuas ó Chúmastabha agus Málainn agus Ceannuaig a bhí ag troid le muínntir Shúilleabháin. (Suilleabhánaig a bhóirín) ó’n dtaobh eile do’n chnoc ó Máistir Gaoithe. Díospóireacht a éirig eatortha i dtig óil an Domhnach roimis sin féachaint ciacu acu an cine bfearr riamh. Bhuaileadar am a chéile ar an gcnocán lastuas de’n séipéal an maidin Domhnaig shin roimh Aifreann agus bataí droighin éile ag gach neach díobh Iall ag gach fear ar an mbata ar eagla go snapfaí an bata uaidh sa ngleic. Bhí na Súilleabhánaig ag buadhachtaint agus thiomáineadar an dream eile siar go Cúinnne Máighréide agus soir ar an dtaobh sheas don séipéal agus annsan tháinig camtha ó Barra na Aoine de mhuinntir Shéaghdha ag cabhrughadh le muinntir Curráin agus thiomáineadar muinntir Shúilleabháin ar gcúl arís. Tháinig an Sagart agus chuir sé deire leis an dtroid acht ní leómfadh sé iad a leigint isteach sa séipéal ag éisteacht Aifrinn ar eagla nuair a bhí an fraoch ortha chun a chéile go dtosnóchaidís ar a chéile istig sa séipéal agus go ndoirtfí
fuil ann. Is ar leac cairrge ar thalamh Bhatt Thaidhg ar léigheadh an t-Aifreann an lá san. Níor mharbhuigheadh aoinne sa troid seo acht basgadh a lán.
Níl aon amhras mar gheall ar fhírinne an sgéil seo mar is duine a bhí i láthair ag an dtroid agus é 'na gharsún a innis an sgéal do’n bhfear a innis domhsa é. Bé ainm an fhir a bhí i láthair an troda(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Inse an Bháite, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ua Mádhráin
- Gender
- Male
- Address
- Caol an Phréacháin Thiar, Co. Kerry