Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 221
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“San mbliadhain 1825 a bhí an bruighean déidheannach aca i Máighistir Gaoithe agus ní dubhrathas aon Aifreann istig sa séipéal an Domhnach san...”
(ar lean ón leathanach roimhe)ná Diarmuid Ó Séaghdha Acad a Ghabha a cailleadh 1890.
11.
Tamaill roimis sin thárla troid eile i Máistir Gaoithe ar an gcnocán roimh Aifreann Dé Domhnaigh leis. Tháinig an Sagart an tAthair Mac Cárthaig agus fuair sé amach gur fear áirighthe de Mhuinntir Shúilleabháin (Casúraigh) thosnuig an troid i gcoinnibh muinntir Shéaghdha. Fuair an sagart greim ar bhata agus thug failp don Súilleabhánach mar gheall ar troid a thosnú. Bhuail an Súilleabhánach ar ais é adeir Naomh Pól. Tugtaí Sagart an bhata ar an tAthair Mhac Cárthaig na dhiaid san. D’fhág Mac Uí Shúilleabháin Máistir Gaoithe agus bhain sé amach síbín a bhí thiar sa mBréacaig ag Peaidí Dhiarmuid Uí Shúilleabháin. Loirg sé gloine fuiscí. Bhí cailín aimsire Máire ní hAodha sa tsíbín agus thug amach crúsca mór fuiscí go dtí an seomra ‘na raibh sé agus chuaidh sí annsan ar lorg miosúr gloine agus faid a bhí sí imthighthe rop an leaid an crúsca ar a cheann agus d’ól sé blast mór de agus slán mar a n’innstear é do dhíthigh sé é. Cailleadh é. Tamall ‘na dhiaidh san bhí dhearbhráthair an fhir a cailleadh ag ráiseanna sa phriaireacht agus ghabh toirmisc éigin do ann agus cailleadh é. Chuaidh an tAthair Mac Cárthaigh (Sagart an bhata) fé dhéin na sochraide agus níor ghaibh sé in aon iomchur capall iallaide ná faic eile ó fhág an sochraid an Phriaireacht go dtí gur ráinig an sochraid sin gáirdín Peats Casey thiar annson ach é ag siubhal roimis amach ag léigheamh leabhair úrnaighthe agus ag paidreóireacht.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse an Bháite, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Mádhráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caol an Phréacháin Thiar, Co. Kerry