School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 175
- XML “Seanráite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)1. An té bhíonn amuig fuarann a chuid
2. Luibh an bháis níor fhás i n-aon gháirdín riamh
3. B’fhearr bheith díomhaoin ná droch gnóthach
4. Is fairsing a leamhain
Is is sleamhain a leacacha
Is áit a leagtar an crann
Is ann a bhronn na slisneacha
5. Seirbhíseach aige Mór agus Mór ag iarraidh déirce
6. Aithnightear duine ar a dhéirc
7. Síodaí buidhe ar Shíle agus preabáin ar a h-athair
8. Tacfaidh sé má’s síol fóghanta é
9. Is maith leis an scadán an fíor uisge
10. Deoch an tarta nár tháinig a chur masla ar a lán don saoghal
11. Beag óg gan náire
Nú gáire gan éifeacht
Tig búird gan táithplis
Nú cláirseach gan teuda
12. Gaire gan éifeacht ní féidir dul thairis
13. Is deacair rogha a bhaint as dhá ghabhar caocha
14. Is deacair rogha a bhaint as dhá dhígh
15. Fód as anndígh, dhá fhód ar an gclaidhe
16. Scoileann an bhreab an chloch.
17. Tabhair gloine ná dram don dailc a gheobhaidh tú ríghin
Mar scoileann bhreab an leac is mó sa chlaidhe.
18. Dá fhaid téigheann leis an mada ruadh beirtear air sa deireadh
19. Ní fiú d eich triuch é
20. Ní fiú deoch uisge na nubh é