School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 174
- XML “Seanráite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)1. Deineann gach moch a ghnó
2. Is fearr beag deas ná mór gránda
3. Ní maireann beó gan biadh
4. Níl íseal ná uasal ná bíonn shíos seal agus shuas seal
5. Is mairg a thugann droch mheas don óige
6. Is minic a tháinig inghean maith ó droch mháthair
7. Teich ón gcath is stad ón gcioth
8. Is fearr mion chuardach ná cuairdach fairsing
9. Is maith an scáth an tor go sileann sé
10. B’fhearra do dhuine céard tinncéaracht ná feidhmeannas duine uasail
11. Is mairg a thugann rogha dá chómharsain
12. Fearrde do rún gan fios fhághailt
13. Ní bhíonn sprid ná púca gan fios a chúise féin aige
14. Ag lorg an mhadra is gan fios a dhath aige
15. Ní théigheann dlighe le riachtanas
16. Trí nídh nách comhartha iad do bheith bláthmnhar – capall samhraidh, bean Domhnaig nó bó aonaig
17. Ceann cíortha a dhíolann na cosa
18. Dá mbeadh gach éinne macánta bheadh a lán gan slighe bheatha
19. An té is reimhre caoirig is air a’ ghuidheann na bráithre
20. Sé an sgéal á innsint don chapall é agus an capall ‘na chodhladh
21. Gach muc mar a fallaig
22. Is olc an t-adhbhar suaimhneas an t-ocras
23. Fearthainn do laogh is gaoth do shearradh
Uisce do ghé is déirc do bacach
24. Níl ins an t-saoghal seo acht tréimhse mí-ádhmhaireach
Is gan cunntas éinne ó indiu go dtí amáireach(continues on next page)