School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 169
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)12. Chuala go raibh fear ana chríodhna sa pharóiste seo fadó agus gach aon uair a bhíodh gála nn go bhfliuchfadh sé smeuróide le h-uisge coisricighthe is go gcaithfeadh i gcoinnibh na gaoithe iad chun an gála a ciúiniú.
13. An chéad maothail do gach bó nuadh bheirthe do chuir i n-ártaig ós cionn na teine agus fíoghair na croise do deunamh air.
14. Nós eile a cleachtadh nuair a bheadh piast le h-ainmhidhe ná córda d’fhághailt agus “cleas na péiste” a dheunamh sé sin cumadh péiste á únfairt féin a dheunamh ar an gcórda agus san do chur ar dhrom an ainmhidhe. Ní gach éinne fhéadfadh san a dheunamh.
15. Bhíodh fadó saoghal ortha mar seo chun im do chur ar chuiginn.
Mo ghrádh mo chuiginnín
Sí bhí agam go milisín
Bhí an braon ó ‘réir an braon ó indé is an braon ó indiu innti.
Bhí an bhraonín geur, an braoinín bréan is an braoinín milis innti
‘Come Butter, Come Butter’
Bhí im ós na bogaithe, im ós na corraibh, is im ós na sléibhthibh is im ós na caoltaibh
‘Come Butter, Come’
Im Cáit agus Brighde, Máire ‘gus Sighle,
‘Come Butter.’
Im an tSagairt leis cé gur deacair linn é iarraidh,
‘Come Butter’
Bhí ciaróg innti agus dardaoil sínte
T’anam a Sheáin, tá an luch innti
‘Come Butter’- Informant
- Dómhnall Ua Cúrnain
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ruadh Ua Súilliobháin
- Gender
- Male