Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 169
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    12. Chuala go raibh fear ana chríodhna sa pharóiste seo fadó agus gach aon uair a bhíodh gála nn go bhfliuchfadh sé smeuróide le h-uisge coisricighthe is go gcaithfeadh i gcoinnibh na gaoithe iad chun an gála a ciúiniú.
    13. An chéad maothail do gach bó nuadh bheirthe do chuir i n-ártaig ós cionn na teine agus fíoghair na croise do deunamh air.
    14. Nós eile a cleachtadh nuair a bheadh piast le h-ainmhidhe ná córda d’fhághailt agus “cleas na péiste” a dheunamh sé sin cumadh péiste á únfairt féin a dheunamh ar an gcórda agus san do chur ar dhrom an ainmhidhe. Ní gach éinne fhéadfadh san a dheunamh.
    15. Bhíodh fadó saoghal ortha mar seo chun im do chur ar chuiginn.
    Mo ghrádh mo chuiginnín
    Sí bhí agam go milisín
    Bhí an braon ó ‘réir an braon ó indé is an braon ó indiu innti.
    Bhí an bhraonín geur, an braoinín bréan is an braoinín milis innti
    ‘Come Butter, Come Butter’
    Bhí im ós na bogaithe, im ós na corraibh, is im ós na sléibhthibh is im ós na caoltaibh
    ‘Come Butter, Come’
    Im Cáit agus Brighde, Máire ‘gus Sighle,
    ‘Come Butter.’
    Im an tSagairt leis cé gur deacair linn é iarraidh,
    ‘Come Butter’
    Bhí ciaróg innti agus dardaoil sínte
    T’anam a Sheáin, tá an luch innti
    ‘Come Butter’
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ua Cúrnain
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ruadh Ua Súilliobháin
    Inscne
    Fireann