Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 168
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seán Ruadh Ua Súilliobháin d’innis
    7. Nuair a bhíodh cuid des na sean-daoinibh ag díol bó ní thabharfaidís ainm na bó uaitha ar ór ná ar airgead don té cheannóchadh an bhó.
    8. Dá mbeadh piast le h-ainmhidhe bhíodh mórán leigheasanna ag daoine dho chun an piast a mharbhú. Bhuailidís naoi n-uaire é i n-ainm na Tríonóide le h-eudach ar aon dath leis an ainmhidhe is an chéad duine chíodh an phiast leis is é, é sin ba cheart é bhualadh. Chuireadh cuid aca an loinithe anuas ar a dhrom go mbeadh deunamh na croise ar an loinithe.
    9. Dá gcaillfí ainmhidhe ar dhaoinibh go gcaithfidís smuití dhe thar chlaidhe isteach go talamh na gcómharsan chun an chinneamhaint a scaipeadh ‘s go gcuirfeadh san an mí-ádh ar an áit go ndeunfaí é, ‘s go mbeadh rith an ráis leis an té a dheunfadh é ar feadh tamaill ach go mbeadh “Lá eile ag an bPaorach.”
    10. Lámh an duine mhairbh thabhairt ón Teampall is í chur sa méidir ‘n mbeadh cuigionn liúnach chun a dheunta. Chuireadh san im agus bainne chúcha mór chuid.
    11. Faire an Teampaill.
    Nuair cuirfí corp sa teampall ceapadh go mbeadh faire an teampaill ar san go gcuirfí an chéad chorp eile ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ua Cúrnain
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ruadh Ua Súilliobháin
    Inscne
    Fireann