School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 106
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí duine bhocht ann darab ainm Pádraig Ua Dálaigh.”
Mar roimis seo.Bhí duine bhocht ann darab ainm Pádraig Ua Dálaigh. File do beadh é a’s bhí paiste talmhan ar thaoibh an bhóthair imBun an Doirín aige. Bhí aige scata cearc agus bhíodh na cearca ag priocadh an choirce as gharraidhe a bhí cois an tighe le duine dos na chómharsanaibh agus seo mar a dúbhairt Pádraig leis an gcoileach.Sé adeir Seán Ó Seághdha leat má deineann tú damáiste
Go gcaithfidh sé piléar leat thraochfaidh tú láithreach
‘S a Mhuire cá ngeóbhadh is gan mo eólas i n-aon áit
‘S gur i bhfeirm an bhóthair do tógadh im aon mé
Buail suas chun an droichead is chun log na bpoll taobh leis
‘S do réir mar a mheasaim ní bhrathfar do shaothar
Beirmise mo bhasa nuair a thacfaidh an fhóghmhar
‘S nuair a bhainfear an coirce go bhfuighir cead do shrón
Coileach do cómharsain ní bheidh ag gleó, troid ná i mbruighin
Ach tú féin agus do mhná beaga ag priocadh sa choinnleach- Informant
- Brighid Bean Uí Dhálaigh
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Address
- Com Dhá Stogha, Co. Kerry