Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 106

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 106

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 106
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí duine bhocht ann darab ainm Pádraig Ua Dálaigh.

    Mar roimis seo.
    Bhí duine bhocht ann darab ainm Pádraig Ua Dálaigh. File do beadh é a’s bhí paiste talmhan ar thaoibh an bhóthair imBun an Doirín aige. Bhí aige scata cearc agus bhíodh na cearca ag priocadh an choirce as gharraidhe a bhí cois an tighe le duine dos na chómharsanaibh agus seo mar a dúbhairt Pádraig leis an gcoileach.
    Sé adeir Seán Ó Seághdha leat má deineann tú damáiste
    Go gcaithfidh sé piléar leat thraochfaidh tú láithreach
    ‘S a Mhuire cá ngeóbhadh is gan mo eólas i n-aon áit
    ‘S gur i bhfeirm an bhóthair do tógadh im aon mé
    Buail suas chun an droichead is chun log na bpoll taobh leis
    ‘S do réir mar a mheasaim ní bhrathfar do shaothar
    Beirmise mo bhasa nuair a thacfaidh an fhóghmhar
    ‘S nuair a bhainfear an coirce go bhfuighir cead do shrón
    Coileach do cómharsain ní bheidh ag gleó, troid ná i mbruighin
    Ach tú féin agus do mhná beaga ag priocadh sa choinnleach
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Uí Dhálaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    84
    Seoladh
    Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí