Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 397
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mór an difireacht atá idir na leigheasanna a bhí ag na daoine fadó i gcomporáid leis na leighiseanna atá ag na daoine an lae indiu. Nuair a thuiteann aon ní amach dos na daoine anois, sé an chead fear a ritheann siad go dtí ná an doctúir, agus b'féidir ná leighisfeadh sé iad san deireadh. Dheinead na sean-daoine na leigheasanna go léir fadó. Seo iad lenas:-
GALAIR - LEIGISEANNA
1) TRIOCNuair a thagadh an galair san ar aon duine fadó, sé an leigheas a bhí acha cun é a mheasúgadh (?) ná:-Ím do leaghadh i spuinneóig in-aice na teineadh, agus ansan é d'ól.
2) NÍOSCÓIDHÍSé an leigheas a bhí ag na daoine fadó, cun an galair sin do néasúgadh (?) ná:-Ím agus uachtar do mheasgadh le chéile le neannteógaibh, agus é do chuir síos ar na níoscóidí
3) BORABH PÉISTSé an leigheas a bhí acha chun é sin do neásúghadh (?) ná:-Ainm an othair do scríobh síos i bhfuirim fáinne, mór thímhceall an borabh péist
4) DÓGHADH. Sé an leigheas a bhí acha chun é do neasúghadh ná:-Ná dhá cupóga d'fágháil, agus ím gan salainn a chuir idir na duilleóga agus iad do chuir ar an dóghadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)