Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)

Suíomh:
Cullenagh Upper, Co. Kerry
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 321

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 321

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuileannach (C.)
  2. XML Leathanach 321
  3. XML “Seaniarsmaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá gollán mór im' cheanntar féin, 'Carraig Éoin na bFáille" an t-ainm atá uirthi. Tá an gallán san suidhthe i bfeirm Thadgh Uí Gealbháin i mbaile fhearainn "Ceathrú-na-hAbhann." Tá rian méireanna ar an ngollán san. Bhí cloch eile in-aice tigh Shiobháin Ní Dhughbhaill fadó, agus bhí scríobhneóireacht ar an gcloich san. Bhí sagart in-a-chómhnuidhe ar agaidh tighe Shiobháin Ní Dhughbhaill amach, agus bhí an chloc san thaobh amhuigh d'en doras aige. Tá an áit sin i mbaile fhearainn "Carraganeen." Bhí cloch "Oghaimh" i mbferim Donnchadh Uí Ghealbháin in "nGort Buidhe," ach níl rian dí ann anois. Tá cloch mór agus pholl innte i "gCúl Cúmisc," agus bhíonn braon uisce innte i gcómhnuidhe. Chuireadh an chloch san ann mar do mharbhuigheadh sagart ins an áit sin fadó, agus ón lá san go dtí an lá indiú, caitheann gach duine cloch, nó cnáipe, nó píosa adhmaidh isteach ins an bpoll nuair a bhíonn siad ag gábháil an t-slighe. Nuair a caitheann duine chloch ar charn na marbh deireann sé:- "Go dtughadh Dia truagh don té a mharbhuigheadh ann."
    Ainm agus seóladh an té a tugh an méid éolais thuas i ngaédhilg dom:- Séamus Ó Chonchubhair, Ceathrú-na-hAbhann
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síle Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carhoonahone, Co. Kerry