School: Seana-Caiseal (roll number 16745)

Location:
Shanacashel, Co. Kerry
Teacher:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 215

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 215

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seana-Caiseal
  2. XML Page 215
  3. XML “Aiste - Na Prátaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuirimíd prátaí ar an bhfeirm sa bhaile gach bliain. Ollamhuigheann m'athair an talamh ina gcóir. Cuirtear aoileach ar an dtalamh roimh ré. Aoileach an mhacha a chuirtear ar an dtalamh. Leagtar an t-aoileach ar na h-iomairí. Is in iomairí a chuirtear síol na bprátaí. Le ramhainí a deintear na h-iomairí. Níor usáideadh ceactaí admaid sa ceanntar fadó. Deir m'athair go raibh ramhainí deanta in Gleanncárthaig fadó ag gaba a bhí na comhuidhe i n-aice na scoile. Gearrann na mná na sgiolláin le sgian insann Earrach agus ní foláir siúl do bheith ins gach sciollán. Shádhann na fir na sciolláin le ramhainí. Deineann siad puill leis na ramainí san dtalamh agus cuireann siad aon sciollán amháin ins gach poll. Nuair a thagann an trátnona dúnann siad na puill. Buaileann siad an chré isteach ins na puill leis na ramhainí. Nuair a thagann na gais
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Máiréad Ní Sheaghdha
    Gender
    Female