School: Seana-Caiseal (roll number 16745)

Location:
Shanacashel, Co. Kerry
Teacher:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seana-Caiseal
  2. XML Page 117
  3. XML “Seán an Ghleanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seán an Ghleanna
    Bhí feirmeoir tábhachtach ann fadó. Seán an ghleanna a thugaidís air. Bhí beirt mhic agus trúir inghean aige. Phós sé inghean acu agus fuair sé spré bhreagh di. Thug sé spré mhór di. Phós sé an tarna h-inghean ansan. Thug sé spré mhór di leis agus fuair sé áit an saibhir di. Phós sé an mac ansan agus thug sé spré mhór dó, ach bhí sé gairid céad punt den spré. Bhí mac agus inghean aige ansan gan pósadh. Bhí eagla air ansan go bpósfadh an mac gan a comhairle féin a d’iarraigh agus ná dtabharfadh sé aon spré isteach. Ach níor dhein. Dhein an t-athair an cleamhnas agus fuair sé spré mhór. Phós sé an t-inghean dheireanach ansan agus an céad punt a bhí sé gairid thug sé don mhac é. Ní raibh aon nídh aige féin ansan. Ceap sé nuair a dhein sé comh mhaith don chlann go gcabhróchaidís ar fad leis ach níor chabhruigheadar agus is gearr ná raibh aon mheas acu air. Bhí sé go suarach ansan. Ní raibh aon nídh aige. Ní raibh aon mheas ag an mac deireanach air ná ag an inghean a bhí aige. B’éigin dó dul chun comhnuighte i dteach beag. Bhí fear críona sa pharóiste go dtugaidís Tadhg Scoláire air. Cuir sé fios air agus chaith Tadhg an lá leis ag scríobh a uadhacht. Ceap a mhac agus bean an mhic go raibh an sean-duine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    2. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Táilliúra
    Gender
    Female
    Address
    Bealalaw Bridge, Co. Kerry
    Informant
    Máire Bean Uí Táilliúra
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    Lyranes Lower, Co. Kerry