Seán an Ghleanna Bhí feirmeoir tábhachtach ann fadó. Seán an ghleanna a thugaidís air. Bhí beirt mhic agus trúir inghean aige. Phós sé inghean acu agus fuair sé spré bhreagh di. Thug sé spré mhór di. Phós sé an tarna h-inghean ansan. Thug sé spré mhór di leis agus fuair sé áit an saibhir di. Phós sé an mac ansan agus thug sé spré mhór dó, ach bhí sé gairid céad punt den spré. Bhí mac agus inghean aige ansan gan pósadh. Bhí eagla air ansan go bpósfadh an mac gan a comhairle féin a d’iarraigh agus ná dtabharfadh sé aon spré isteach. Ach níor dhein. Dhein an t-athair an cleamhnas agus fuair sé spré mhór. Phós sé an t-inghean dheireanach ansan agus an céad punt a bhí sé gairid thug sé don mhac é. Ní raibh aon nídh aige féin ansan. Ceap sé nuair a dhein sé comh mhaith don chlann go gcabhróchaidís ar fad leis ach níor chabhruigheadar agus is gearr ná raibh aon mheas acu air. Bhí sé go suarach ansan. Ní raibh aon nídh aige. Ní raibh aon mheas ag an mac deireanach air ná ag an inghean a bhí aige. B’éigin dó dul chun comhnuighte i dteach beag. Bhí fear críona sa pharóiste go dtugaidís Tadhg Scoláire air. Cuir sé fios air agus chaith Tadhg an lá leis ag scríobh a uadhacht. Ceap a mhac agus bean an mhic go raibh an sean-duineAnaithnid